An túrscéal stairiúil sa Ghaeilge 1993-2013
Abstract
Tá plé á dhéanamh sa tráchtas seo ar na húrscéalta stairiúla ar fad a scríobhadh sa
Ghaeilge sa tréimhse 1993 – 2013. Cúig úrscéal déag ar fad a scríobhadh idir na blianta sin
agus pléitear iad go léir sa tráchtas seo. Sa chéad chaibidil, tá sainmhíniú an úrscéil stairiúil á
phlé. Feicimid go bhfuil sé deacair sainmhíniú sásúil a thabhairt ar an seánra seo agus is
minic a thagann roinnt sainmhínithe salach ar a chéile. Sa dara caibidil, féachaimid siar ar na
luathúrscéalta stairiúla sa Ghaeilge ó scríobhadh an chéad úrscéal stairiúil Cormac Ua
Conaill (Ua Duinnín, 1901) go Ceart na hUaighe (Ó Catháin, 1986). Sa tríú caibidil ansin,
déantar suirbhé ar na húrscéalta ar fad a scríobhadh ó 1993 do dtí an bhliain 2013 in ord
cróineolaíoch. Is é atá i gceist le suirbhé ná anailís a dhéanamh ar na húrscéalta sin. Sa
cheathrú caibidil, pléitear na fosheánraí agus na téamaí atá soiléir le feicéail sna húrscéalta
stairiúla sin - an t-úrscéal cogaidh, an t-úrscéal fantasaíochta, an t-úrscéal bleachtaireachta
agus an t-úrscéal grá. Chomh maith leis sin, déantar iniúchadh ar chás na mban in úrscéalta
stairiúla na Gaeilge sa cheathrú caibidil. Is é atá sa chúigiú, sa séú, agus sa seachtú caibidil
ná mionphlé ar thrí úrscéal ar leith atá ar chaighdeán níos airde ná na húrscéalta eile, dar
liom. Sa chuigiú caibidil, pléitear An Fear Dána (Titley, 1993), sa séú caibidil, tá plé
ar Fontenoy (Mac Cóil, 2005), agus sa séú caibidil, déantar plé ar An Cléireach (Ó Scolaí,
2007). Ar deireadh ar fad, déantar iarracht ar na snáithe ar fad a shní le chéile sna conclúidí
maille le sracfhéacaint a thabhairt ar a bhfuil tarlaithe sa seánra ó 2013 i leith.