Cad a spreagann rogha laethúil teanga sa Ghaeltacht: anailís ar an rogha teanga i nGaeltacht na nDéise
Abstract
‘Cad a spreagann rogha laethúil teanga sa Ghaeltacht - anailís ar an rogha teanga i nGaeltacht na nDéise’
Is í aidhm an taighde seo chun a fhiosrú dé chúis go maireann an Ghaelainn i bpobal beag urlabhra in Oirdheisceart na hÉireann; tugadh faoin an staidéar chun na cúiseanna a bhaineann le húsáid teanga mar iompair soch-chultúrtha sa phobal seo a aithint agus chun a dh’fháilt amach dé chúis go leanann na nósanna úd ar aghaidh in ainneoin go bhfuil na próisis sheachtracha céanna le feiscint agus le brath sa cheantar seo is mar a léirítear i limistéir eile inar tharla iompú teanga.
Is iad paróistí na Rinne agus an tSeanphobail an limistéar atá faoi scrúdú sa taighde seo, suite ar chósta thoir theas na tíre, leath-shlí nach mór idir Dún Garbhán i gContae Phort Láirge agus baile Eochaille i gContae Chorcaí. Ceantar atá aitheanta mar pharóistí Caitliceacha Rómhánacha agus ar a ghlaoití Gaeltacht na nDéise. Deir Ó Giollagáin gurab é Acht na nAirí agus na Rúnaithe (Leasú), 1956 a thug údarás don Rialtas (Ó Giollágáin et al 2007:26):
‘a chinneadh gur límistéirí Gaeltachta … límistéirí ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus límistéirí ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad d'áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhaint agus a leathnú mar ghnáth-urlabhra’(An tAcht Airí agus Runaithe (Leasú) 1956:3)
Tá sonraíocht an staidéir seo bailithe ó shuirbhé pobail agus ó hocht n-agallamh duine ar dhuine. Reachtáileadh an staidéar seo thar tréimhse dhá bhliain le cabhair ó Chomhlacht Forbartha na nDéise.
Keywords
MionteangachaMinority languages
Teangeolaíocht fheidhmeach
Applied linguistics
An Ghaeltacht - rogha teanga